1. Tá mír 1 den Airteagal seo bunaithe ar an gcéad abairt d'Airteagal 2(1) den CECD ar mar seo a leanas atá:
`1. Cosnóidh an dlí ceart gach uile dhuine chun a bheo...`
2. Cuireadh as ionad an dara habairt den fhoráil, ina ndearnadh tagairt do phionós an bháis, ar theacht i bhfeidhm d'Airteagal 1 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD ar mar seo a leanas atá:
`Déantar an bhreith bháis a dhíothú. Ní dhaorfar aon duine chun báis ná ní chuirfear aon duine chun báis.`
Tá Airteagal 2(2) den Chairt bunaithe ar an bhforáil sin.
3. Freagraíonn forálacha Airteagal 2 den Chairt do na hAirteagail thuasluaite den CECD agus dá Phrótacal. Is ionann brí agus raon feidhme dóibh, i gcomhréir le hAirteagal 52(3) den Chairt. Ní mór a mheas, dá bhrí sin, gur cuid den Chairt freisin iad na sainmhínithe `diúltacha` atá sa CECD:
(a) Airteagal 2(2) den CECD:
`Ní mheasfar gur sárú ar an Airteagal seo bás d'imirt ar dhuine trí fhorneart d'úsáid nach mó ná mar is dianghá:
(a) chun aon duine a chosaint ar fhoréigean neamhdhleathach;
(b) chun duine a ghabháil go dleathach nó duine faoi choinneáil dhleathach a chosc ar éalú;
(c) chun gníomh dleathach a dhéanamh d'fhonn círéib nó éirí amach a chur faoi chois.`
(b) Airteagal 2 de Phrótacal Uimh. 6 a ghabhann leis an CECD:
`Féadfaidh Stát an bhreith bháis a fhoráil ina reachtaíocht i leith gníomhartha arna ndéanamh tráth cogaidh nó tráth garbhagairt cogaidh; ní chuirfear an bhreith sin i bhfeidhm ach amháin sna cásanna dá bhforáiltear sa reachtaíocht sin agus i gcomhréir leis na forálacha ann ...`.