Help us make the FRA website better for you!
Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine, Comhlachtaí Comhionannais agus Institiúidí Ombudsman Oibríonn
Comhlachtaí Comhionannais
Cuirtear ceangal ar na Ballstáit le reachtaíocht AE comhlacht nó comhlachtaí a bhunú le haghaidh cóir chomhionann a chur chun cinn mar gheall ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar inscne nó ar ghnéas. Oibríonn FRA i gcomhar le comhlachtaí comhionannais trí Equinet (Líonra Eorpach na gComhlachtaí Comhionannais), an struchtúr comhordúcháin dá gcuid, agus trí chomhar déthaobhach díreach. Cuirtear cruinnithe tráthrialta ar siúl idir FRA agus Equinet agus idir FRA agus na baill de Equinet ar bhonn téamach. Tugtar cuireadh do FRA go tráthrialta rannchuidiú le seisiúin oiliúna agus seimineáir Equinet freisin.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi chomhlachtaí comhionannais, féach:
Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine
Tá Institiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine ina n-institiúidí náisiúnta arna mbunú leis an dlí agus i gcomhréir le ‘Prionsabail Pháras’, atá formhuinithe ag na Náisiúin Aontaithe. Tá sé mar shainordú ag na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine cearta an duine a chur chun cinn ar leibhéal náisiúnta i gcomhréir le noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta sa réimse um chearta an duine. Oibríonn FRA i gcomhar leis na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine trí Líonra Eorpach na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine agus trí chomhar déthaobhach díreach. Cuirtear cruinnithe téamacha bliantúla ar siúl idir FRA agus na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine freisin.
Féach na nithe seo a leanas chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na hInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine:
- Tuarascáil ó FRA: Handbook on the establishment and accreditation of National Human Rights Institutions in the European Union (Deireadh Fómhair 2012)
- Tuarascáil ó FRA: National Human Rights Institutions in the EU Member States (Strengthening the fundamental rights architecture in the EU I) (Bealtaine 2010)
- Coiste Comhordúcháin Idirnáisiúnta na nInstitiúidí Náisiúnta um Chearta an Duine a Chur Chun Cinn agus a Chosaint
Institiúidí Ombudsman
Déan teagmháil le: