Help us make the FRA website better for you!
Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
An Creat AE don Choinbhinsiún - Cur chun cinn
Ceann de phríomhspriocanna an AE is ea cearta an duine a chur chun cinn san AE agus ar fud an domhain.
Is dlúthchuid de dhlíchóras an AE anois an CRPD. Fágann sé sin nach mór do reachtaíocht agus cleachtais AE a bheith comhsheasmhach le riachtanais an Choinbhinsiúin.
An chaoi a gcuireann baill an Chreata AE an Coinbhinsiún chun cinn:
Parlaimint na hEorpa:
- cuireann sí cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn trí dhíospóireachtaí agus éisteachtaí poiblí, comhdhálacha agus preasagallaimh;
- bhunaigh sí líonra idir-choiste, a bhfuil an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta i gceannas air agus a bhfuil baill ó choistí éagsúla air, chun doiciméid agus gníomhaíochtaí a athbhreithniú agus a scagadh, feasacht a mhúscailt i ndáil le saincheisteanna a bhaineann le míchumas, agus cur chuige comhordaithe a chur chun cinn, más féidir.
An tOmbudsman Eorpach:
- cabhraíonn sé chun saoránaigh na hEorpa a chur ar an eolas maidir lena gcearta agus a n-oibleagáidí;
- oibríonn sé le hombudsmain náisiúnta agus réigiúnacha mar chuid de Líonra Eorpach na nOmbudsman chun dea-chleachtais riaracháin a chur chun cinn ar fud an AE.
Gníomhaireacht an AE um Chearta Bunúsacha (FRA):
- tugann sí aghaidh ar chearta daoine faoi mhíchumas mar chuid shonrach dá gníomhaíochtaí chun feasacht a mhúscailt, lena n-áirítear trí fhoilsiú tuarascálacha agus ábhar eile, rannpháirtíocht geallshealbhóirí, cumarsáid agus imeachtaí;
- déanann sí míchumas a phríomhshruthú i réimsí agus gníomhaíochtaí téamacha eile.
Fóram na hEorpa maidir le Míchumas:
- cuireann sé cearta daoine faoi mhíchumas chun cinn trí fheachtais chun feasacht a mhúscailt, mar shampla maidir le saoirse gluaiseachta do dhaoine faoi mhíchumas;
- déanann sé monatóireacht ar chomhlíonadh reachtaíocht agus cleachtais an AE leis an gCoinbhinsiún;
- tugann sé comhairle theicniúil d’údaráis phoiblí agus phríobháideacha maidir leis an gCoinbhinsiún a chur chun feidhme.