Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Ceartas
Airteagal 47 - An ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil
Tá ag gach duine a ndéantar a chearta nó a cearta agus a shaoirsí nó a saoirsí, arna ráthú le dlí an Aontais, a shárú, an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair binse i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo. Tá gach duine i dteideal éisteacht chóir phoiblí a fháil laistigh de thréimhse réasúnta ó bhinse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí. Beidh an chaoi ag gach duine go ndéanfar é nó í a chomhairliú, a chosaint agus a ionadú. Déanfar cúnamh dlíthiúil a chur ar fáil dóibh siúd nach bhfuil acmhainní leordhóthanacha acu a mhéad is gá an cúnamh sin chun rochtain éifeachtach ar an gceartas a áirithiú.
Tá an chéad mhír bunaithe ar Airteagal 13 den CECD: `Gach uile dhuine a sárófar a chearta agus a shaoirsí mar atáid leagtha amach sa Choinbhinsiún seo, beidh leigheas éifeachtach aige os comhair údaráis náisiúnta, d'ainneoin gur daoine a bhí ag gníomhú i gcáil oifigiúil a rinne an sárú.` Is forleithne, áfach, an chosaint atá i ndlí an Aontais toisc go ráthaíonn sé an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte. Chumhdaigh an Chúirt Bhreithiúnais an ceart sin ina breithiúnas an 15 Bealtaine 1986, mar phrionsabal ginearálta de dhlí an Aontais (Cás 222/84, Johnston [1986] ECR 1651; féach freisin breithiúnas an 15 Deireadh Fómhair 1987, Cás 222/86, Heylens, [1987] ECR 4097 agus breithiúnas an 3 Nollaig 1992, Cás C–97/91 Borelli [1992] ECR, I–6313). De réir na Cúirte, tá feidhm freisin ag an bprionsabal ginearálta sin de chuid dhlí an Aontais maidir leis na Ballstáit nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu. Ní raibh sé i gceist nuair a cuireadh an fasach seo isteach sa Chairt athrú a dhéanamh ar an gcóras athbhreithnithe bhreithiúnaigh a leagtar síos sna Conarthaí, go háirithe na rialacha a bhaineann le hinghlacthacht caingne díreacha os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Scrúdaigh an Coinbhinsiún Eorpach córas athbhreithnithe bhreithiúnaigh an Aontais, lena n-áirítear na rialacha maidir le hinghlacthacht, agus dhaingnigh sé iad cé go ndearna sé gnéithe áirithe díobh a leasú, mar atá le sonrú ar Airteagail 251 go 281 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe ar Airteagal 263(4). Tá feidhm ag Airteagal 47 maidir le hinstitiúidí an Aontais agus maidir le hinstitiúidí na mBallstát nuair atá dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, agus sin maidir leis na cearta uile a ráthaítear le dlí an Aontais. Freagraíonn an dara mír d'Airteagal 6(1) sa CECD, ar mar seo a leanas atá: `Chun a chearta agus a dhualgais sibhialta nó aon chúiseamh coiriúil ina choinne a chinneadh, tá ag gach uile dhuine teideal chun éisteacht chóir phoiblí d'fháil laistigh d'am réasúnach ó bhinse neamhspleách neamhchlaon a bheas bunaithe le dlí. Craolfar an breithiúnas go poiblí ach féadfar an preas agus an pobal d'eisiamh ón triail go léir nó ó aon chuid di, ar mhaithe leis an moráltacht, leis an ord poiblí nó leis an tslándáil náisiúnta i ndaonlathas má bhíonn sin riachtanach i gcomhair leasa ógánach nó chun saol príobháideach na bpáirtithe a chosaint, nó sa mhéid gur dianghá é dar leis an gcúirt in imthosca speisialta ina rachadh an phoiblíocht chun dochair don cheartais`.Níl an ceart chun éisteacht chóir teoranta i ndlí an Aontais do dhíospóidí a bhaineann le cearta dlí shibhialta agus le hoibleagáidí dlí shibhialta. Is amhlaidh atá toisc gur comhphobal é an tAontas atá bunaithe ar an smacht reachta, mar a luaigh an Chúirt i gCás 294/83, `Les Verts` v. Parlaimint na hEorpa (breithiúnas an 23 Aibreán 1986, [1986] ECR 1339). Mar sin féin, tá feidhm ag na ráthaíochtaí a thugtar leis an CECD ar gach slí seachas a mhéid a bhaineann lena raon feidhme, ar dhóigh chomhchosúil maidir leis an Aontas.
Maidir leis an tríú mír, tugtar faoi deara gur chóir, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte Breithiúnais um Chearta an Duine, foráil a dhéanamh do chúnamh dlíthiúil i gcás nach bhféadfaí leigheas éifeachtach a áirithiú dá uireasa (Breithiúnas an CECD an 9 Deireadh Fómhair 1979, Airey, Sraith A, Imleabhar 32, lch. 11). Tá córas cúnaimh dhlíthiúil ann freisin do chásanna atá os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.