Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Saoirsí
Airteagal 17 - An ceart chun maoine
1. Tá ag gach duine an ceart chun a shealúchais nó a sealúchais arna bhfáil go dleathach a shealbhú, a úsáid, a dhiúscairt agus a thiomnú. Ní fhéadfar a shealúchais nó a sealúchais a cheilt ar dhuine ach amháin ar mhaithe leis an leas poiblí agus sna cásanna agus faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí, ach sin faoi réir cúiteamh cóir a íoc in am trátha mar chomaoin ar chailleadh na sealúchas sin. Féadfar úsáid maoine a rialáil le dlí a mhéad is gá sin ar mhaithe leis an leas ginearálta. 2. Déanfar an mhaoin intleachtúil a chosaint.
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Airteagal 1 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD: `Tá gach duine aiceanta nó duine dlíthiúil i dteideal a shealús a theachtadh go sítheoilte. Ní bhainfear a shealús d'aon duine ach amháin ar mhaithe le leas an phobail agus faoi réir na gcoinníollacha a fhoráiltear leis an dlí agus le buntreoracha ginearálta an dlí idirnáisiúnta. Ní bhainfidh na forálacha réamhráite in aon tslí, áfach, ó cheart Stáit chun pé dlíthe is gá leis a chur i bhfeidhm d'fhonn úsáid maoine a rialú ar mhaithe leis an leas coiteann nó d'fhonn a dheimhniú go n-íocfar cánacha nó sraitheanna eile nó pionóis.` Is ceart bunúsach é seo is coiteann do gach bunreacht náisiúnta. Is iomaí uair a aithníodh i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais é, agus is i mbreithiúnas Hauer a aithníodh den chéad uair é ( 13 Nollaig 1979 [1979] ECR 3727). Cuireadh cruth na haimsire seo ar an bhfoclaíocht ó shin ach, i gcomhréir le hAirteagal 52(3), is ionann brí agus raon feidhme don cheart seo agus don cheart a ráthaítear sa CECD agus ní fhéadfar níos mó de theorainneacha a chur leis ná na teorainneacha dá bhforáiltear ansin. Déantar cosaint na maoine intleachtúla, gné amháin den cheart chun maoine, a lua go sonrach i mír 2 mar gur ag dul i méid atá an tábhacht a bhaineann léi agus toisc reachtaíocht thánaisteach an Chomhphobail. Folaíonn an mhaoin intleachtúil an mhaoin liteartha agus ealaíne; folaíonn sí freisin inter alia an ceart chun paitinne agus trádmharcanna agus cearta gaolmhara. Na ráthaíochtaí dá bhforáiltear i mír 1, beidh feidhm mar is iomchuí acu maidir leis an maoin intleachtúil.