Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Dínit
Airteagal 1 - Dínit an duine
Tá dínit an duine dosháraithe. Ní mór an dínit sin a urramú agus a chosaint..
Ceart bunúsach ann féin is ea dínit an duine; ní hé amháin sin ach is í is bonn, dáiríre, do na cearta bunúsacha. Rinneadh dínit an duine a chumhdach i 1948 i mbrollach an Dearbhaithe Uilechoitinn um Chearta an Duine: `... de bhrí go bhfuil aitheantas ar an dínit inghreamaithe agus ar na cearta comhionanna dosháraithe atá ag gach duine sa teaghlach daonna mar bhunús leis an tsaoirse, leis an gceartas agus leis an tsíocháin sa chruinne`. Sa bhreithiúnas a thug sí an 9 Deireadh Fómhair 2001 i gcás C–377/98 an Ísiltír v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, 2001 ECR I-7079, i bhforais Uimh. 70 – 77, dhaingnigh an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais ceart bunúsach an duine chun a dhínite. Fágann sin nach féidir úsáid a bhaint as aon cheann de na cearta a leagtar síos sa Chairt seo chun dochar a dhéanamh do dhínit duine eile, agus gur cuid de shubstaint na gceart a leagtar síos sa Chairt seo í dínit an duine. Ní mór, dá bhrí sin, í a urramú, fiú amháin agus srian á chur ar cheart.