Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Forálacha ginearálta
Airteagal 52 - Raon feidhme agus léiriú na gceart agus na bprionsabal
1. Ní mór foráil le dlí d'aon teorannú ar fheidhmiú na gceart agus na saoirsí arna n-aithint sa Chairt seo agus ní mór inneachar sár-riachtanach na gceart agus na saoirsí sin a urramú. Faoi réir phrionsabal na comhréireachta, ní fhéadfar teorainneacha a dhéanamh ach amháin má tá gá leo agus má fhreagraíonn siad iarbhír do chuspóirí leasa ghinearálta arna n-aithint ag an Aontas nó don riachtanas cearta agus saoirsí daoine eile a chosaint. 2. Déanfar cearta arna n-aithint sa Chairt seo agus dá bhforáiltear sna Conarthaí a fheidhmiú faoi na coinníollacha agus laistigh de na teorainneacha atá sainithe sna Conarthaí sin. 3. A mhéid a chuimsíonn an Chairt seo cearta a fhreagraíonn do chearta arna ráthú leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, is ionann an bhrí agus an raon feidhme a bheidh ag na cearta sin agus an bhrí agus an raon feidhme atá leagtha síos leis an gCoinbhinsiún sin. Ní choiscfidh an fhoráil seo dlí an Aontais ar chosaint níos forleithne a sholáthar. 4. A mhéid a aithníonn an Chairt seo saoirsí bunúsacha mar a leanann siad ó na traidisiúin bhunreachtúla is coiteann do na Ballstáit, déanfar na cearta sin a léiriú ar aon dul leis na traidisiúin sin. 5. Forálacha den Chairt seo ina bhfuil prionsabail, féadfar iad a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha agus feidhmiúcháin arna nglacadh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus le gníomhartha ó na Ballstáit nuair a bhíonn dlí an Aontais á chur chun feidhme acu, i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi seach. Ní fhéadfar iad a agairt os comhair cúirte ach amháin i dtaca le léiriú na ngníomhartha sin agus le rialú ar a ndlíthiúlacht. 6. Tabharfar aird iomlán, faoi mar atá sonraithe sa Chairt seo, ar dhlíthe agus ar chleachtais náisiúnta. 7. Tabharfaidh cúirteanna an Aontais agus na mBallstát aird chuí ar na mínithe arna dtarraingt suas mar threoir ar mhaithe leis an gCairt seo a léiriú.
Is é is críoch d'Airteagal 52 raon feidhme cheart agus phrionsabail na Cairte a shocrú, agus rialacha a leagan síos maidir lena léiriú. Déileálann mír 1 leis na socruithe maidir le cearta a theorannú. Is bunaithe ar chásdlí na Cúirte Breithiúnais atá an fhoclaíocht: `... tá sé seanbhunaithe i gcásdlí na Cúirte gur féidir srianta a fhorchur ar cheart bunúsach a fheidhmiú, go háirithe i gcomhthéacs comheagraíochta margaidh, ar chuntar go bhfreagraíonn na srianta sin do chuspóirí leasa choitinn arna saothrú ag an gComhphobal agus nach ionann iad, maidir leis an aidhm atá á saothrú, agus cur isteach neamhréireach, míréasúnta a bhainfeadh an bonn de shubstaint na gceart sin` (breithiúnas an 13 Aibreán 2000, Cás C–292/97, mír 45 de na forais). Folaíonn an tagairt do na leasanna ginearálta atá aitheanta ag an Aontas na cuspóirí atá luaite in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus leasanna eile a chosnaítear le forálacha sonracha de na conarthaí ar nós Airteagal 4(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, Airteagal 35(3) agus Airteagail 36 agus 346 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tagraíonn mír 2 do chearta a ráthaíodh go sainráite roimhe seo sa Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh agus a aithníodh sa Chairt agus atá le fáil anois sna conarthaí (go háirithe na cearta a chineann ó shaoránacht den Aontas). Soiléiríonn sé go leanfaidh na cearta sin de bheith faoi réir na gcoinníollacha agus na dteorainneacha is infheidhme maidir leis an dlí sin de chuid an Aontais ar a bhfuil siad bunaithe agus dá bhforáiltear sna conarthaí. Ní athraíonn an Chairt córas na gceart a thugtar le Conradh CE agus atá le fáil anois sna conarthaí. Tá mír 3 ceaptha an comhchuibheas is gá a áirithiú idir an Chairt agus an CECD trína rialú, a mhéad a fhreagraíonn na cearta sa Chairt seo do na cearta a ráthaítear sa CECD, gur ionann brí agus raon feidhme dóibh, lena n-áirítear teorainneacha údaraithe, agus dóibh siúd a leagtar síos sa CECD. Ciallaíonn sé sin, ach go háirithe, nach mór don reachtóir, agus teorainneacha á leagan síos aige maidir leis na cearta sin, na caighdeáin chéanna a chomhlíonadh a shocraítear leis na socruithe mionsonraithe um theorannú dá bhforáiltear sa CECD agus atá infheidhme dá bhrí sin maidir leis na cearta a chlúdaítear sa mhír seo, gan dochar a dhéanamh dá chionn sin do neamhspleáchas dhlí an Aontais ná do neamhspleáchas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Folaíonn an tagairt don CECD an Coinbhinsiún agus na Prótacail a ghabhann leis. Cinntear brí agus raon feidhme na gceart arna ráthú, ní hamháin le téacs na n-ionstraimí sin ach freisin le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Tá sé i gceist leis an abairt dheiridh den mhír a chur ar chumas an Aontais cosaint níos forleithne a áirithiú. Ar aon chaoi, ní fhéadfaidh an leibhéal cosanta a thugtar leis an gCairt a bheith níos ísle choíche ná an leibhéal a ráthaítear leis an CECD. Ní chuireann an Chairt de chosc ar na Ballstáit leas a bhaint as Airteagal 15 den CECD, lena n-údaraítear maoluithe ar na cearta sa CECD i gcás cogaidh nó i gcás aon chontúirtí poiblí eile a bheith ag bagairt ar shaol an náisiúin, agus iad i mbun gníomhaíochta i réimse cosanta náisiúnta i gcás cogaidh agus i réimse choimeád an oird phoiblí, i gcomhréir leis na freagrachtaí atá orthu mar a aithnítear in Airteagal 4(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus in Airteagail 72 agus 347 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh iad. Tugtar liosta ina dhiaidh seo de na cearta is féidir a mheas faoi láthair, gan forbairtí a chosc ar an dlí, ar an reachtaíocht ná ar na Conarthaí, mar chearta a fhreagraíonn do na cearta sa CECD de réir bhrí na míre seo. Níl aon chearta sa bhreis orthu sin sa CECD ar áireamh ann.
1. Airteagail sa Chairt ar ionann brí agus raon feidhme dóibh agus do na hAirteagail chomhfhreagracha den CECD: - Freagraíonn Airteagal 2 d'Airteagal 2 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 4 d'Airteagal 3 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 5(1) agus (2) d'Airteagal 4 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 6 d'Airteagal 5 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 7 d'Airteagal 8 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 10(1) d'Airteagal 9 den CECD; - Freagraíonn Airteagal 11 d'Airteagal 10 den CECD gan dochar d'aon srianta a fhéadfaidh dlí an Aontais a fhorchur ar cheart na mBallstát na socruithe ceadúnais dá bhforáiltear sa tríú habairt d'Airteagal 10(1) den CECD a thabhairt isteach; - Freagraíonn Airteagal 17 d'Airteagal 1 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD; - Freagraíonn Airteagal 19(1) d'Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 4; - Freagraíonn Airteagal 19(2) d'Airteagal 3 den CECD mar atá arna léiriú ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine; - Freagraíonn Airteagal 48 d'Airteagal 6(2) agus (3) den CECD; - Freagraíonn Airteagal 49(1) (seachas an abairt dheiridh) agus Airteagal 49(2) d'Airteagal 7 den CECD.
2. Airteagail arb ionann brí dóibh agus do na hAirteagail chomhfhreagracha sa CECD, ach ar forleithne a raon feidhme: - Clúdaíonn Airteagal 9 an réimse céanna agus a chlúdaíonn Airteagal 12 den CECD, ach féadfar a raon feidhme a leathnú ionas go mbainfidh sé le cineálacha eile pósta má bhunaítear le reachtaíocht náisiúnta iad; - Freagraíonn Airteagal 12(1) d'Airteagal 11 den CECD ach leathnaítear go dtí leibhéal an Aontais Eorpaigh a raon feidhme; - Freagraíonn Airteagal 14(1) d'Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD ach déantar a raon feidhme a leathnú ionas go gclúdóidh sé an rochtain ar an ngairmoiliúint agus ar an oiliúint leanúnach; - Freagraíonn Airteagal 14(3) d'Airteagal 2 den Phrótacal a ghabhann leis an CECD maidir le cearta tuismitheoirí; - Freagraíonn Airteagal 47(2) agus (3) d'Airteagal 6(1) den CECD ach níl feidhm maidir le dlí an Aontais ná maidir lena chur chun feidhme ag an teorannú ar chinneadh ceart sibhialta agus oibleagáidí sibhialta nó cúiseamh coiriúil; - Freagraíonn Airteagal 50 d'Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 7 a ghabhann leis an CECD ach déantar a raon feidhme a leathnú go dtí leibhéal an Aontais Eorpaigh idir Chúirteanna na mBallstát; - Ar deireadh, ní fhéadfar saoránaigh den Aontas Eorpach a mheas mar eachtrannaigh, faoi raon feidhme dhlí an Aontais, mar gheall ar an toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta. Na teorainneacha dá bhforáiltear in Airteagal 16 sa CECD maidir le cearta eachtrannach, níl feidhm acu, dá bhrí sin, maidir leo sa chomhthéacs seo. An riail léirithe atá i mír 4, tá sí bunaithe ar fhoclaíocht Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus tugann sí aird chuí ar chur chuige na Cúirte Breithiúnais i leith na gcomhthraidisiún bunreachtúil (m.sh. breithiúnas an 13 Nollaig 1979, Cás 44/79 Hauer [1979] ECR 3727; breithiúnas an 18 Bealtaine 1982, Cás 155/79, AM&S, [1982] ECR 1575). De réir na rialach sin, seachas cur chuige docht a leanúint, bunaithe ar `an gcomhainmneoir is ísle`, ba chóir na cearta Cairte lena mbaineann a léiriú ar shlí a thabharfadh ardleibhéal cosanta, a shásaíonn dlí an Aontais agus a luíonn leis na comhthraidisiúin bhunreachtúla. Soiléirítear i mír 5 an t-idirdhealú a dhéantar idir na `cearta` agus na `prionsabail` a leagtar amach sa Chairt. De réir an idirdhealaithe sin, déanfar cearta suibiachtúla a urramú, san áit a ndéanfar prionsabail a chomhlíonadh (Airteagal 51(1)). Féadfar prionsabail a chur chun feidhme le gníomhartha reachtacha nó le gníomhartha feidhmiúcháin (arna nglacadh ag an Aontas i gcomhréir lena chumhachtaí, agus ag na Ballstáit nuair a chuireann siad dlí an Aontais chun feidhme agus ansin amháin); dá réir sin, ní bhíonn tábhacht ag baint leo do na Cúirteanna seachas nuair a bhíonn gníomhartha den sórt sin le léiriú nó le léirmheas. Ní eascraíonn éilimh dhíreacha astu, áfach, ar ghníomhaíocht dhearfach ag institiúidí an Aontais ná ag údaráis na mBallstát. Tagann sé seo le cásdlí na Cúirte Breithiúnais (féach go háirithe an cásdlí maidir le `prionsabal an réamhchúraim` in Airteagal 191(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh: breithiúnas na Cúirte Céadchéime an 11 Meán Fómhair 2002, Cás T–13/99, Pfizer v. An Chomhairle, le tagairtí iomadúla don chásdlí roimhe sin; agus sraith breithiúnas ar Airteagal 33 (sean-Airteagal 39) maidir le prionsabail dhlí na talmhaíochta, m.sh. breithiúnas na Cúirte Breithiúnais C–265/85, Van den Berg, [1987] ECR 1155: mionscrúdú ar phrionsabal chobhsú an mhargaidh agus ar an ionchas réasúnach) agus le cur chuige chórais bhunreachtúla na mBallstát i leith na `bprionsabal`, go háirithe i réimse an dlí shóisialta. Mar léiriú, áirítearAirteagail 25, 26 agus 37 ar na samplaí de phrionsabail a aithnítear sa Chairt. I gcásanna áirithe, féadfaidh gnéithe de cheart agus gnéithe de phrionsabal a bheith san aon Airteagal amháin den Chairt, m.sh. Airteagail 23, 33 agus 34. Tagraítear i mír 6 do na hAirteagail éagsúla sa Chairt ina ndéantar tagairt, de mheon na coimhdeachta, do dhlíthe agus do chleachtais náisiúnta.