Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Cearta na saoránach
Airteagal 41 - An ceart chun dea-riaracháin
1. Tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a ghnóthaí nó a gnóthaí a láimhseáil go neamhchlaon, go cóir agus laistigh de thréimhse réasúnta. 2. Folaíonn an ceart sin: (a) ceart gach duine chun éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart leithleach i ndáil leis nó léi ar beart é a dhéanfadh dochar dó nó di; (b) ceart gach duine rochtain a fháil ar a chomhad nó a comhad, agus leasanna dlisteanacha rúndachta agus sicréideachta gairmiúla agus gnó á n-urramú ag an am céanna; (c) an oibleagáid atá ar an lucht riaracháin cúiseanna a thabhairt lena chinntí. 3. I gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, tá ag gach duine an ceart go ndéanfaidh an tAontas aon damáiste a shlánú a raibh a institiúidí nó a oifigigh ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. 4. Féadfaidh gach duine scríobh chuig institiúidí an Aontais i gceann de theangacha na gConarthaí agus caithfidh sé nó sí freagra a fháil sa teanga chéanna.
Tá Airteagal 41 bunaithe ar an Aontas a bheith faoi réir smacht reachta a ndearnadh a shaintréithe a fhorbairt sa chásdlí inar cumhdaíodh an dea-riarachán inter alia mar phrionsabal ginearálta dlí (féach inter alia breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 31 Márta 1992, i gCás C–255/90 P, Burban [1992] ECR I–2253, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás T-167/94 Nölle [1995] ECR II–2589, agus an 9 Iúil 1999 i gCás T231/97, New Europe Consulting e.a., [1999] ECR II–2403). Is ón gcásdlí a eascraíonn an fhoclaíocht atá ar an gceart sin sa chéad dá mhír (breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Deireadh Fómhair 1987, i gCás 222/86 Heylens [1987] ECR 4097, mír 15 de na forais, breithiúnas an 18 Deireadh Fómhair 1989 i gCás 374/87 Orkem [1989] ECR 3283, breithiúnas an 21 Samhain 1991 i gCás C–269/90, TU München [1991] ECR I-5469, agus breithiúnais na Cúirte Céadchéime an 6 Nollaig 1994 i gCás T–450/93, Lisrestal [1994] ECR, II–1177, an 18 Meán Fómhair 1995 i gCás T167/94 Nölle [1995] ECR II–2589) agus is as Airteagal 296 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a thagann an fhoclaíocht maidir leis an oibleagáid réasúin a lua (féach freisin an bonn dlíthiúil in Airteagal 298 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun reachtaíocht a ghlacadh ar mhaithe le riarachán Eorpach atá oscailte, éifeachtach, neamhspleách).
Atáirgeann mír 3 an ceart a ráthaítear anois le hAirteagal 340 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Atáirgeann mír 4 an ceart a ráthaítear anois le hAirteagail 20(2)(d) agus 25 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 52(2) den Chairt, tá na cearta sin le feidhmiú faoi na coinníollacha agus faoi na teorainneacha a shainítear sna conarthaí.
Is gné thábhachtach den cheist seo é an ceart chun leigheas éifeachtach agus ráthaítear in Airteagal 47 den Chairt seo é.