Take part in a one-to-one session and help us improve the FRA website. It will take about 30 minutes of your time.
YES, I AM INTERESTED NO, I AM NOT INTERESTED
Comhionannas
Airteagal 24 - Cearta an linbh
1. Beidh ag leanaí an ceart chun cibé cosaint agus cúram is gá ar mhaithe lena ndea-bhail. Féadfaidh siad a dtuairimí a nochtadh go saorálach. Cuirfear na tuairimí sin san áireamh i dtaca le hábhair a bhaineann leo i gcomhréir lena n-aois agus lena n-aibíocht. 2. I ngach gníomh a bhaineann le leanaí, bíodh sé á ghlacadh ag údaráis phoiblí nó ag institiúidí príobháideacha, ní mór leas an linbh a bheith ar na dálaí is tábhachtaí atá le cur san áireamh. 3. Beidh ag gach leanbh an ceart chun caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a bheith aige nó aici go tráthrialta lena bheirt nó lena beirt thuismitheoirí mura rud é go bhfuil sé sin contrártha le leasanna an linbh.
Tá an tAirteagal seo bunaithe ar Choinbhinsiún Nua-Eabhrac um Chearta an Linbh, a síníodh an 20 Samhain 1989 agus atá daingnithe ag na Ballstáit uile, agus go háirithe ar Airteagail 3, 9, 12 agus 13 de.
Cuirtear san áireamh i mír 3 go bhféadfadh sé, mar chuid de bhunú limistéir shaoirse, shlándála agus cheartais, go n-áireofaí i reachtaíocht an Aontais maidir le hábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, a dtugann Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh cumhachtaí ina leith, cearta cuairte lena gcinntítear go bhféadfaidh leanaí teagmháil phearsanta, dhíreach a bheith acu ar bhonn rialta lena mbeirt tuismitheoirí.