Bhí idir dhul chun cinn agus dul ar gcúl le tabhairt faoi
deara i ndáil le cosaint na gceart bunúsach in 2020. Sa
Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2021 ó FRA, féachtar
siar ar na mórfhorbairtí sa réimse agus sainaithnítear
na héachtaí a bhí ann agus réimsí ar ábhair imní
iad go fóill.
Bhí idir dul chun cinn agus dul ar gcúl le tabhairt faoi
deara i ndáil le cosaint na gceart bunúsach in 2019.
Déantar athbhreithniú i dTuarascáil um Chearta
Bunúsacha 2020 FRA ar mhórfhorbairtí san earnáil,
agus tarraingítear aird ar éachtaí agus ar réimsí ar
ábhair imní iad go fóill. San fhoilseachán seo cuirtear
i láthair tuairimí FRA maidir leis na príomhfhorbairtí
sna réimsí téamacha atá curtha san áireamh, mar aon
le hachoimre ar an bhfianaise atá ag tacú leis na
tuairimí seo. Ar an gcaoi sin, soláthraítear
forbhreathnú gairid, ach faisnéiseach, ar na
príomhdhúshláin i dtaca le cearta bunúsacha atá os
comhair an AE agus a Bhallstáit.
Sa bhliain 2018, tógadh céimeanna chun tosaigh agus céimeanna siar araon i ndáil le cearta bunúsacha a chosaint. Déantar athbhreithniú sa Tuarascáil um Chearta Bunúsacha, 2019 ó FRA (Gníomhaireacht um Chearta Bunúsacha) ar na mórfhorbairtí san earnáil, agus sainaithnítear inti freisin na héachtaí a baineadh amach agus na rudaí ar ábhair imní iad go fóill. San fhoilseachán seo, cuirtear i láthair tuairimí ó FRA faoi na príomhfhorbairtí sna réimsí téamacha a chumhdaítear agus déantar achoimre ar an bhfianaise a thacaíonn leis na tuairimí sin.
Is achoimre iad na 10 n‑eochair seo ar na príomhphointí a phléigh cumarsáidithe agus cleachtóirí i réimsí éagsúla sna cruinnithe saineolaithe, sna seimineáir le haghaidh cleachtóirí agus sna grúpa fócais a reáchtáil FRA in 2017 agus in 2018.
Tógadh céimeanna chun tosaigh agus céimeanna siar araon i ndáil le cosaint ceart bunúsach sa bhliain 2017. Déantar athbhreithniú sa Tuarascáil um Chearta Bunúsacha 2018 ó FRA ar na mórfhorbairtí san earnáil, agus sainaithnítear inti freisin na héachtaí a baineadh amach agus na rudaí ar ábhair imní iad go fóill.